

Vedran Marinic
Iniúchóir
Thosaigh mé le déanaí le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir le taithí ag teacht ó thimpeallacht cleachtais phríobháideach.
Bhain an taithí atá agam roimhe seo le hiniúchadh a dhéanamh ar charthanais, ar chuideachtaí príobháideacha agus ar chomhlachtaí leathstáit níos lú, agus mar sin ba é príomh-tharraingt na hOifige an deis oibriú ar go leor iniúchtaí casta ar eagraíochtaí poiblí móra, atá ríthábhachtach maidir le seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar.
San Oifig, tugtar nochtadh duit do chuntasaíocht rialtais, do chórais agus do nósanna imeachta nach bhfuil inrochtana i suíomh cleachtais phríobháideach agus mar sin tá go leor deiseanna ann chun do chuid eolais a leathnú ar bhonn laethúil.
Tagann na comhghleacaithe a bhfuilim ag obair leo ó chúlraí éagsúla agus is mór an sásamh a bheith ag obair i dtimpeallacht chomh éagsúil.
Is é an cuspóir atá le m’obair anseo san oifig ná dearbhú a thabhairt don phobal go núsáidtear airgead agus acmhainní an rialtais go cruinn agus feabhsuithe a mholadh a d’fhéadfadh cabhrú le bainistiú an airgeadais phoiblí agus freisin chun cuntasacht an rialtais a neartú.
Is rud é seo a chuireann bródúil as a bheith ag obair san oifig mar is dóigh liom go bhfuil mo phost ag déanamh difríochta sa deireadh thiar.