Cé air a ndéanaimid iniúchtaí
Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C) freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais thar réimse leathan gníomhaíochtaí Stáit. Tá sé freagrach, go háirithe, as iniúchadh a dhéanamh ar an méid seo:
- An Rialtas Láir
◦ Cuntais Leithreasa
◦ Cuntais a bhaineann leis an gCiste Láir
◦ Cistí eile
- Cistí arna riar ag Ranna Rialtais
- Comhlachtaí Státurraithe Neamhthráchtála
- Comhlachtaí amhail Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais Tríú Leibhéal eile, Comhlachtaí agus Gníomhaireachtaí Sláinte agus Boird Oideachais agus Oiliúna
Tá na heintitis a ndearna an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh orthu, amhail Aibreán 2025, liostaithe de réir catagóire ar chlé.