Poist Bainisteoir Iniúchta
An bhfuil spéis agat i ról dinimiciúil a bhfuil freagracht bhainistíochta, neamhspleáchas agus deiseanna chun dul chun cinn sa ghairm bheatha a dhéanamh i gceist leis? Más spéis leat, tá earcaíocht á déanamh ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (OARCC) faoi láthair Bainisteoirí Iniúchta agus ba spéis leo teagmháil a dhéanamh leat.
Tar éis bheith aitheanta mar áit mhaith le hobair inti ag Great Place to Work le ceithre bhliain anuas, tá áthas orainn rá go bhfuil ár n-oifig aitheanta acu arís in 2025 ar liosta de na hIonad Oibre is Fearr in Éirinn. Leis seo, bronnadh gradam speisialta orainn ó Great Place to Work don fheabhsú cultúir. Is áit iontach í chun do ghairm bheatha a chur chun cinn i dtimpeallacht dhúshlánach agus gasta.
Agus tú ag tuairisciú do Leas-Stiúrthóir, beidh freagracht ort as punann iniúchtaí airgeadais nó scrúduithe airgeadais a bhainistiú ar fud raon éagsúil cliant iniúchta agus tionscal iniúchta.
Beidh an deis agat obair i dteannta fórsa oibre atá tiomanta, cumasach agus fíor-oilte chun freastal ar an bpobal trí do chuid oibre agus chun tacú leis an bpróiseas cuntasachta poiblí.
Cabhróidh tú le €300 billiún d’airgead poiblí a iniúchadh.
Áirítear leis na sochair:
- Tuarastal tosaigh €81,475
- 30 lá saoire
- Pínsean státseirbhíse
- Roghanna oibre solúbtha, lena n-áirítear rochtain ar shamhail oibre cumaisc – caith suas le 60% den am ag obair ón mbaile
- Táillí íoctha ballraíochta gairmiúla
- Deiseanna breisoideachais, lena n-áirtear cúrsaí iarchéime
- Forbairt gairme den scoth lena n-áirítear deiseanna ar ardú céime
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin ról agus faoin bpróiseas iarratais, féach an leabhrán faisnéise anseo.
Ba cheart iarratais a sheoladh le ríomhphost chuig ocagcompetition@morganmckinley.comfaoi mheán lae ar 21 Lúnasa 2025:, agus ní mór an méid seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:
Ní mór d’iarrthóirí incháilithe a bheith:
- Litir chumhdaigh ina dtugtar cuntas ar an bhfáth gur mian leat go ndéanfar breithniú ort don phost agus na limistéir ina gceapann tú go sásaíonn do scileanna agus taithí riachtanais phost Bainisteoir Iniúchta;
- CV cuimsitheach ina léirítear go soiléir d’éachtaí agus do thaithí ábhartha i do ghairm bheatha go dtí seo.
- Fianaise go bhfuil tú i do bhall de chomhlacht aitheanta gairmiúil ACCA, AIA, CAI, CIMA, CIPFA).
Ní mheasfar go bhfuil iarratas sásúil déanta ar an gcomórtas ar aighneachtaí nach n-áiríonn na trí ghné go léir.
Ní mór d’iarrthóirí incháilithe ceann de na riachtanais saoránachta seo a chomhlíonadh faoi dháta aon tairisceana poist. Ní thairgeann an OCAG urraíocht víosa.
Riachtanais Saoránachta
Ní mór d’iarrthóirí incháilithe a bheith:
(a) Saoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Tá an LEE comhdhéanta de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua; nó
(b) Saoránach den Ríocht Aontaithe (RA); nó
(c) Saoránach den Eilvéis de bhun an chomhaontaithe idir an AE agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine; nó
(d) Saoránach nach saoránach de chuid an LEE é a bhfuil cead stampa 4* nó cead stampa 5 aige/aici (*Tabhair faoi deara le do thoil go nglactar le víosa 50 TEU, atá ina ionad do Stampa 4EUFAM tar éis Brexit, mar choibhéis Stampa 4.)
Níor cheart aon fhiosrúcháin ná stocaireacht a dhéanamh go díreach le OARCC.







