Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC)
Tugann na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC), 2007-2018 an ceart duit rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh Údaráis Phoiblí nó thar a gceann.
Iarraidh a Dhéanamh
Luaigh i do ríomhphost / litir go bhfuil d’iarraidh á cur isteach faoi Rialacháin RFC, 2007-2018.
Más mian leat rochtain a iarraidh ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (OARCC), nó thar ceann na hOifige sin, seol ríomhphost chuig foi@audit.gov.ie.
De rogha air sin, is féidir leat scríobh chuig:
An Fhoireann Chomhlíonta, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 3A Sráid an Mhéara Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 PF72
Ní mór a rá in iarraidh go bhfuil sí á déanamh faoi na Rialacháin RFC.
Cathain is féidir liom a bheith ag súil le freagra ar m’iarraidh?
Cuirfidh OARCC an cinneadh ar d’iarraidh in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis dúinn í a fháil.
Nuair a gheobhaidh OARCC iarraidh RFC, eiseoidh siad litir admhála chugat ina leagfar amach an dáta a fuarthas an iarraidh agus an dáta is déanaí faoina n-eiseofar cinneadh.
An gcosnóidh sí aon rud orm?
Níl aon táille ann chun iarraidh a dhéanamh faoi na Rialacháin RFC. Mar sin féin, ceadaíonn na rialacháin d’údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as costas soláthair na faisnéise comhshaoil.
Tá na táillí seo a leanas socraithe ag OARCC:
• cuardach, aisghabháil agus cóipeáil taifead: €20 in aghaidh na huaire
• fótachóip: €0.04 in aghaidh na bileoige
Cuirfear sonraí faoi aon táille a bheidh i bhfeidhm in iúl sa litir chinnidh chríochnaitheach. Tabhair faoi deara nach iarrfar aon táille i gcás ina meastar an costas a bheith níos lú ná €100.
Féadfaimid neamhaird a dhéanamh de tháillí freisin mura bhfuil sa taifead ach faisnéis phearsanta agus mura mbeadh sé réasúnta ceann a ghearradh agus aird á tabhairt ar acmhainní an iarratasóra.
Cad a tharlaíonn mura bhfuil mé sásta le cinneadh?
Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an gcinneadh i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar fhaisnéis chomhshaoil go hiomlán nó go páirteach, nó má chreideann tú nár déileáladh léi i gcomhréir le forálacha na Rialachán RFC. Ba chóir duit an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón uair a gheobhaidh tú an cinneadh críochnaitheach.
Ba chóir iarrataí ar athbhreithnithe inmheánacha a chur isteach chuig:
An Fhoireann Chomhlíonta
An Fhoireann Chomhlíonta, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 3A Sráid an Mhéara Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 PF72 Ríomhphost foi@audit.gov.ie.
Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil (OCFC) an t-ábhar a athbhreithniú. Ba chóir duit achomharc a iarraidh chuig an OCFC laistigh de mhí amháin ón uair a gheobhaidh tú cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh.