Taisteal agus Cothabháil
Costais Taistil agus Fáilteachais
Is nós le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ar bhonn ráithiúil, sonraí a fhoilsiú faoi chostais a thabhaigh a stiúrthóirí.
Folaíonn tuairiscí i ndáil le costais taistil aon taisteal intíre nó idirnáisiúnta a dhéantar i ndáil le dualgais oifigiúla na stiúrthóirí sa tréimhse i gceist. Léirítear na costais ar leithligh i ndáil le gach turas a dhéantar, agus folaíonn siad costais iompair, lóistín agus cothabhála, agus costais eile a bhaineann leis an turas. Sonraítear cuspóir gach turais.
Féadtar costais fáilteachais a thabhú ó am go chéile, go hiondúil i ndáil le coinní gairmiúla, nó i gcomhthéacs cruinnithe idir stiúrthóirí agus ionadaithe ar eagraíochtaí eile agus toscaireachtaí ar cuairt.
Léirítear costais a fhorchúitítear leis an Oifig. Sa chás go n-íocann eagraíochtaí eile costais go díreach, ní chuirtear san áireamh sna nochtuithe seo iad.
Tá sonraí na gcostas seo ar fáil anseo.