Sonraí Oscailte agus Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid

Sonraí Oscailte agus Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid

Comhlíonann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ceanglais Threoir (AE) 2019/1024 maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid, ar a dtugtar an Treoir maidir le Sonraí Oscailte de ghnáth. Rinneadh an treoir a thrasuí i ndlí na hÉireann le I.R. Uimh. 376/2021 an 22 Iúil 2021.

Mar ghnáthamh, foilsímid ar ár suíomh Gréasáin faoi láthair cuid mhór de na sonraí a chruthaíonn an Oifig agus spreagaimid athúsáid na faisnéise sin.

Cuimsíonn príomhábhar ár suímh Gréasáin:

  1. Tuarascálacha Bliantúla
  2. Tuarascálacha Speisialta
  3. Cuntais Leithreasa
  4. Faisnéis Chorparáideach

Cuireann an Oifig sonraí ar fáil freisin ar an tairseach náisiúnta sonraí oscailte.

Foilsítear sonraí oscailte uile na hOifige trí úsáid a bhaint as ceadúnas CC BY 4.0.

Ní thugann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste údarú d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici chun a cuid faisnéise a athúsáid. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid.

Cé leis ar féidir dul i dteagmháil

Is féidir aon cheisteanna maidir le sonraí oscailte na hOifige a chur chuig ár nOifigeach Idirchaidrimh Sonraí Oscailte.

Teileafón: 01- 863 8600

Ríomhphost: opendata@audit.gov.ie

Iarrataí sonraí oscailte

Is féidir iarrataí sonraí oscailte a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist opendata@audit.gov.ie.  I gcomhréir leis an Treoir maidir le Sonraí Oscailte, is gnách go ndéileáiltear le gach iarraidh sonraí laistigh de 20 lá oibre ach is féidir go mbeidh 20 lá oibre sa bhreis ag teastáil le haghaidh iarrataí atá fairsing nó casta.

Próiseas achomhairc

Chun achomharc a dhéanamh i gcoinne breith diúltú géilleadh d’iarraidh faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte, seol ríomhphost chuig opendata@audit.gov.ie, agus uimhir thagartha an cháis agus forais an achomhairc á lua. Déanfaidh ball foirne níos sinsearaí de chuid na hOifige athbhreithniú ar an achomharc.

Féadfar achomharc a dhéanamh freisin chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise i gcoinne breith diúltú géilleadh do na sonraí iarrtha.

Tuilleadh faisnéise

Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte, tabhair cuairt ar leathanach na hÉireann ar an treoir maidir le sonraí oscailte ar an tairseach sonraí oscailte náisiúnta.